🔗 ⚙️

Bealtaine Song from Imbolc by Eilean - Celtic Music

Tracklist
13.Bealtaine Song3:47
Lyrics

Luinneog:

Samhradh buí na nóiníní gléigeal,
thugamar fheín an samhradh linn
O bhaile go baile is chun ár mbaile ‘na dhiaidh sin,
‘s thugamar fhéin an samhradh linn.

Bábóg na Bealtaine, maighdean an tsamhraidh,
Suas gach cnoc is síos gach glean,
Cailíní maiseacha bángheala gléasta,
‘s thugamar fhéin an samhradh linn.

Luinneog

Tá an fhuiseog ag seinm is ag luasadh sna spéartha,
beacha is cuileoga is bláth ar na cruinn,
tá ‘n chuach’s na héanlaith ag seinm le pléisiúr,
‘s thugamar fhéin an samhradh linn.

Luinneog

Tá nead ag an ghiorria ar imeall na haille,
Is nead ag an chorr éisc i ngéaga an chrainn,
Tá mil ar na cuiseoga is na coilm ag béiceadh,
‘s thugamar fhéin an samhradh linn.

Luinneog

Tá an ghrian ag loinnriú’s ag lasadh na dtabhartas,
tá an fharraige mar scathán ag gháirí don ghlinn,
tá na madaí ag peithreadh is an t-eallach ag géimni
‘s thugamar fhéin an samhradh linn.

Luinneog

Credits
from Imbolc, released April 8, 2006
LicenseAll rights reserved.
Tags
Recommendations